By using this website, you consent to our use of cookies. For more information on cookies see our privacy policy page.

Text Size: a a
Home A-Z Index Subscribe/RSS Contact Us Twitter logo small white bird

Fógartha ag an Aire Stáit Doyle go bhfuil tríú Fardal Náisiúnta Foraoise na hÉireann foilsithe

D'fhógair Andrew Doyle T.D., an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht d'fhoraoiseacht inniu go bhfuil príomhthorthaí an tríú Fardal Náisiúnta Foraoise de chuid na hÉireann (NFI) foilsithe. Tá foilsiú an NFI mar thoradh ar thrí bliana oibre de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, chun an fhairsinge agus an cineál foraoise atá in Éirinn, idir phoiblí agus phríobháideach, a mheas agus a thaifeadadh. Tugtar faoin NFI gach 5 bliana agus is é seo an tríú Fardal atá foilsithe.

Maidir leis an bhfoilseachán, dúirt an tAire “Tugann an tríú Fardal Náisiúnta Foraoise, ar thug mo Roinn faoi, eolas cruinn atá cothrom le dáta dúinn faoin bhfairsinge agus athrú atá ag teacht ar fhoraoisí na hÉireann. Is é an foilseachán seo an doiciméad tagartha is fearr d'aon duine a bhfuil suim acu i staid na foraoiseachta, mar atá, agus in úsáid talún in Éirinn. Chuir na sraitheanna leantacha NFI torthaí ar fáil ar ghnéithe ar nós athrú ar achar foraoisí le himeacht ama agus ar an tionchar atá foraoisí na hÉireann ag imirt ar thosaíochtaí comhshaoil an náisiúin, lena n-áirítear an t-athrú aeráide.

Maidir leis na torthaí féin, dúirt an tAire freisin “Tá sé le feiceáil tríd is tríd go bhfuil an eastáit foraoisí fós ag fás agus gurb ionann foraoisí anois agus 11% den talamh iomlán, agus tá réimse leathan cineálacha foraoise ann freisin. Tá áthas orm a rá freisin go bhfuil an sciar den speicis atá leathanduilleach i bhforaoisí náisiúnta anois ag 29%. Tá súil agam go gcuirfidh na dreasachtaí i ndáil le speicis leathanduilleacha a chur leis an bhfigiúr sin san Athbhreithniú Lártéarma ar an gClár Foraoiseachta. Is ábhar misnigh é ó thaobh gluaiseacht adhmaid de gur tháinig méadú 1.28 milliún méadar ciúbach ar an méid adhmaid a leagadh idir 2013-2017 ná a leagadh le linn na tréimhse 2006-2012. Is comhartha dearfach é seo go bhfuil méadú ag teacht ar ghluaiseacht an adhmaid a léiríonn foinse luachmhar ioncaim d'úinéirí foraoisí chomh maith le foinse bhreise fostaíochta i ngeilleagar na tuaithe trí adhmad a shábháil, a iompar agus a phróiseáil níos déanaí”.

Thug an tAire comhairle freisin “tá an NFI ríthábhachtach i gcónaí chun an méid a dhéanann foraoisí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide a thaifeadadh. Is í an acmhainn carbóin atá sna foraoisí a bhí ríthábhachtach le go mbeadh Éire in ann a sprioc a bhaint amach faoi Kyoto faoin gcéad thréimhse gealltanais idir 2008-2012, agus beidh an cás amhlaidh do spriocanna amach anseo. Tá sé tábhachtach go mbeidh na sonraí is cruinne agus is láidre agus is féidir againn le bheith mar thaca faoinár mbeartais aeráide agus comhshaoil agus is léiriú iontach air sin an NFI”.

Is féidir teacht ar gach foilseachán de chuid an NFI, chomh maith leis an leabhrán ina bhfuil na príomhthorthaí ar láithreán gréasáin na Roinne ag www.agriculture.gov.ie/nfi. Is féidir tuilleadh eolais ar an NFI agus cóipeanna crua de leabhrán Phríomhthorthaí an NFI a fháil ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Eastáit Chaisleán Bhaile Sheonach, Co. Loch Garman; Teil: 053 9163400 nó seol ríomhphost chuig: nfi@agriculture.gov.ie

Nótaí d'Eagarthóirí

Is é an cuspóir atá leis an bhFardal Náisiúnta Foraoise (NFI) an fhairsinge agus an cineál foraoise atá in Éirinn, idir phoiblí agus phríobháideach, a thaifeadadh, ar bhealach atá tráthúil, cruinn agus in-atáirgthe le go mbeifear in ann an acmhainn foraoise atá againn a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe. Teastaíonn faisnéis atá iontaofa, reatha agus comhsheasmhach chun beartais intíre i leith foraoisí a stiúradh, agus chun tacaíocht a thabhairt do thaighde ar fhoraoisí agus gealltanais tuairisceoireachta idirnáisiúnta agus náisiúnta a chomhlíonadh.

Thug an DAFM faoin bhFardal ina ndearnadh suirbhé allamuigh mionsonraithe ar fud na tíre ar fhoraoisí na hÉireann a bhain úsáid as 1,923 phlásán samplacha bhuana a bhí bunaithe ar dhearadh eangach samplach a bhí córasach agus randamach. Rinne an suirbhé measúnú ar fhairsinge, comhdhéanamh, riocht agus athruithe reatha sna foraoisí náisiúnta, idir phoiblí agus phríobháideach. Áirítear san eolas na paraiméadair thraidisiúnta amhail méid, stoc fáis, comhdhéanamh speiceas sna foraoisí náisiúnta chomh maith le heolas maidir le bithéagsúlacht, sláinte agus beogacht, cion carbóin agus an cineál ithreach ata iontu. Is féidir athruithe i bhforaoisí na hÉireann a mheas anois trí chomparáid a dhéanamh idir an dá shraith NFI a bhí ann roimhe seo agus a tugadh chun críche in 2006 agus in 2012.

Thug an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an chéad NFI ar fhoraoisí na hÉireann chun críche idir 2004 agus 2006 agus foilsíodh na torthaí in 2007. In 2006 ba é NFI an chéad fhardal foraoise a raibh cur chuige iomlán staitistiúil ag baint leis ar tugadh faoi in Éirinn chun measúnú a chur ar fáil ar an stoc fáis i bhforaoisí náisiúnta príobháideacha agus poiblí.

Baineadh úsáid as buanphlásáin shamplacha chun NFI na hÉireann a leagan amach chun éascaíocht a dhéanamh ar chlár a bheadh in ann toisí a thógáil an athuair chun measúnú a dhéanamh ar athruithe i bhforaoisí na hÉireann le himeacht aimsire. Glacadh leis an straitéis láidir tuairiscithe seo ionas go mbeadh eolas inchreidte ar fáil chun dul i ngleic le cuspóirí straitéiseacha agus le gealltanais tuairisceoireachta. Cuireadh tús leis an obair allamuigh ar an dara sraith den NFI in 2009 agus tugadh an obair sin chun críche in 2012. Cuireadh tús leis an tríú NFI in 2015 agus tugadh chun críche é in 2017.

Is forléargas dlúth agus cuimsitheach ar thorthaí an tríú sraith den NFI atá sa leabhrán ina bhfuil na príomhthorthaí, mar aon le comparáid idir na torthaí sin leis an dá NFI a bhí ann roimhe sin. Is iad seo a leanas deich gcinn de na príomhthorthaí a tháinig chun cinn as an tríú Fardal Náisiúnta Foraoise a tugadh chun críche in 2017:

  • Tá fairsinge foraoisí fós ag leathnú go náisiúnta agus is ionann foraoisí anois agus 11% de thalamh iomlán na tíre, agus tá réimse leathan cineálacha foraoise ann freisin. Tá méadú tagtha ar an achar iomlán foraoise atá ann, ó 697,842 heicteár (ha) in 2006 go dtí 770,020 ha in 2017. Is mar gheall ar fhoraoisiú a bhfuil méadú tagtha ar achar na bhforaoisí agus mar gheall gur cuireadh na foraoisí a bhí ann cheana san áireamh den chéad uair le linn an tríú sraith NFI.
  • Tá níos mó na leath (50.8%) de na foraoisí faoi úinéireacht phoiblí agus 378,663 ha (49.2%) faoi úinéireacht phríobháideach. Tá méadú níos mó ná 6% tagtha ar sciar na bhforaoisí príobháideacha atá mar chuid den eastáit náisiúnta foraoise ó 2006.
  • Is i gContae Liatroma atá an céatadán is airde foraoisí (18.9%), agus tá an t-achar is mó foraoise i gContae Chorcaí (90,020 ha).
  • Is speicis bhuaircíneacha na speicis is mó dá bhfuil ann, agus is ionann iad agus 71.2% den stoc sna foraoisí cé gur 28.7% atá sna speicis leathanduilleacha taobh istigh den limistéar.
  • Tá an eastáit foraoisí óg den chuid is mó agus tá beagnach leath (44.9%) de stoc na foraoise níos óige ná 20 bliain d'aois.
  • Meastar gurbh ionann an méid fáis stoic atá i bhforaoisí na hÉireann agus níos mó ná 116 milliún m³, méadú de níos mó ná 19 milliún m³ ó 2012. B'ionann an meánbhreisíocht toirte bliantúil comhlán idir 2013 agus 2017 agus 8.4 milliún m³ in aghaidh na bliana, agus b'ionann meánmhéid an adhmaid foraoise bhliantúil a leagadh sa tréimhse seo agus 4.9 million m3 in aghaidh na bliana.
  • Tanaíodh 36,447 ha foraoise den chéad uair ó 2013. Tháinig méadú idir 2013 agus 2017 faoi 11% agus 17% faoi seach, tríd is tríd, ar an méid a tanaíodh agus a glanadh, rud a bhí dearfach do ghluaiseacht adhmaid.
  • Is áit thábhachtach an eastáit foraoise náisiúnta mar áit stórála carbóin, arb ionann é agus 312 milliún tona. Is féidir a rá go bhfuil foraoisí na hÉireann tar éis 3.8 Mt de dhé-ocsaíd charbóin a bhaint as an atmaisféar in aghaidh na bliana sa tréimhse idir 2007 go 2016, de réir sonraí an NFI. Ba í acmhainn carbóin na bhforaoisí a bhí ríthábhachtach le go mbainfeadh Éire a sprioc amach faoi Kyoto faoin gcéad thréimhse gealltanais idir 2008-2012.
  • Tá acmhainn thábhachtach bhithéagsúlachta i bhforaoisí na hÉireann ina bhfuil neart speiceas plandaí nach crainn iad agus speiceas léicean le fáil ar fud na bhforaoisí. Tá méid mór brosna le fáil sna foraoisí, agus níos mó ná 10.4 milliún m3 de bhrosna ann.
  • Tá cuma sláintiúil ar na foraoisí tríd is tríd. Cé go raibh damáiste le brath ar bheagnach leath (44.1%)den stoc sna foraoisí, ní raibh an damáiste sin ró-olc.

Added 02.07.2018

 (Ó Chlé go Deas), John Redmond, Ceannasaí an Fhardail Náisiúnta Foraoise ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, in éineacht leis an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D. ag seoladh foilsiú an Fhardail Náisiúnta Foraoise (NFI) gar don Ghleann Mór, Co. Chill Mhantáin. Is é an cuspóir atá leis an (NFI) an fhairsinge agus an cineál foraoise atá in Éirinn, idir phoiblí agus phríobháideach, a thaifeadadh, ar bhealach atá tráthúil, cruinn agus in-atáirgthe le go mbeifear in ann an acmhainn foraoise atá againn a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe.

 

CRÍOCH

 

Date Released: 02 July 2018